Dé Ceadaoin  8 Mí Fómhair 2010
cé muid féin? a mbeidh i gceist le RIALAMHÁIN duitse Ráitis Straitéise 2011-2013

Treoirlínte nua d’ullmhúchán na Ráiteas Straitéise

De réir an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, ceanglaítear ar gach Ard-Rúnaí/Ceannasaí Oifige Dréacht-Ráiteas Straitéise a chur chuig a gcuid Airí laistigh de shé mhí ó cheapachán Aire nua, agus ar dhul in éag thréimhse trí bliana ó ullmhaíodh an Ráiteas Straitéise deireanach.   Dá réir sin, tá  ar Ranna agus ar Oifigí ábhartha eile Ráiteas Straitéise athbhreithnithe don tréimhse trí bliana 2011-2013 a ullmhú.

Beidh an Ráiteas Straitéise, mar a shainmhinionn an tAcht um Bainistíocht na Seirbhísí Poiblí, 1997, “comhdhéanta de phríomhchuspóirí, aschuir agus straitéisí gaolmhara (lena n-áirítear úsáid acmhainní)” na Roinne nó na hOifige. Go bunúsach, is cáipéis í a fhéachann chun cinn  agus a fheidhmíonn mar chreat chun gnímh don Roinn/Oifig.   

Cé go gceadaíonn an tAcht um Bainistíocht na Seirbhísí Poiblí 1997 don Rialtas treoirlínte foirmiúla a eisiúint maidir le dréachtú na Ráiteas Straitéise, meastar go bhfuil treoirlínte leithne, mar atá sa cháipéis thíos, níos cuí de bharr chomh chasta agus chomh héagsúil agus atá an Státseirbhís. 

Tá sé mar aidhm leis na Treoirlínte sin, ar chóir féachaint orthu mar threoir do shárchleachtas agus na Ráitis Straitéise á n-ullmhú seachas mar theimpléad forordaitheach, creat a sholáthar le breithniú ag Ranna agus ag Oifigí agus iad ag forbairt a bpleananna uathúla féin.

Comhaid Ceangailte

Chun comhaid PDF a fheiceáil agus a phriontáil, is gá clár radhairc d'arbh aimn Acrobat Reader Version. Tá cóip saoir den chlár seo ar fáil ar láithreán gréasáin Adobe