Ag seoladh an Tionscnaimh Bainistíochta Straitéisí i Feabhra 1994, aithníodh seirbhís d’ardchaighdeáin don phobal a bheith ar cheann de phríomhchuspóirí an tionscnaimh. Mhol Ag Seachadadh Rialtas Níos Fearr, a foilsíodh i mBealtaine 1996, go dtabharfaí isteach Tionscnamh um Sheirbhís Cháilíochta do chustaiméirí agus do chliaint na Státseirbhíse agus i 1997 seoladh an Tionscnaimh um Sheirbhís Cháilíochta do Chustaiméirí.
Bunaíodh Líonra Oifigigh an Tionscnaimh um Sheirbhís Cháilíochta do Chustaiméirí i nDeireadh Fómhair 2000 agus áirítear air ionadaithe ó Ranna agus Oifigí Rialtais. Tá an Líonra faoi chathaoirleacht an Uasal Bryan Andrews, Príomhfheidhmeannach na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. Bíonn cruinnithe rialta aige chun feidhmiú ghnéithe éagsúla den Tionscnamh um Sheirbhís Cháilíochta do Chustaiméirí sa Státseirbhís a mhaoirsiú agus chun an sárchleachtas maidir le gach gné de sheirbhís do chustaiméirí a roinnt. Is é an príomhról atá aige le blianta beaga anuas ná an Tionscnamh um Chairt do Chustaiméirí a chur i bhfeidhm.
Seoladh an Tionscnaimh um Chairt do Chustaiméirí i mí na Nollag 2002. Faoin tionscnamh, ní mór do gach Roinn agus Oifig, Cairteacha a fhoilsiú bunaithe ar shraith cheithre chéim ina mbeadh Comhairliúchán, Tiomantas, Meastóireacht agus Tuairisciú mar seo a leanas:
- comhairliúchán le custaiméirí agus leis an bhfoireann tosaigh in ullmhú na Cairte;
- tiomantas do chaighdeáin seirbhíse atá sainmhínithe go soiléir;
- meastóireacht ar fheidhmíocht i gcoinne caighdeán;
- tuairisciú poiblí a dhéanamh ar thoradh an phróisis meastóireachta ina dTuarascáil Bhliantúil.
D’fhoilsigh Roinn an Taoisigh Treoirlínte Athbhreithnithe chun Cairteacha do Chustaiméirí agus Pleananna Gnímh a Tháirgeadh in 2008.
Is éard a bhíonn i gceist leis an gcéad chéim eile de Thionscnamh um Sheirbhís Cháilíochta do Chustaiméirí ná na moltaí iomchuí atá leagtha amach in Ag Cur Athrú Ar Sheirbhísí Poiblí (féach Cuid 4) a bhreithniú agus a chur i bhfeidhm.
Fitzpatrick Associates Meastóireacht ar Chairteacha Custaiméirí
I mí na Samhna 2006 fógraíodh gur roghnaíodh Fitzpatrick Associates, Economic Consultants chun tabhairt faoi athbhreithniú cuimsitheach ar an bpróiseas maidir le Cairteacha Custaiméirí i Státseirbhís na hÉireann. Rinne an mheastóireacht athbhreithniú ar gach gné den phróiseas maidir le Cairteacha ó tugadh isteach é agus dhírigh sé ar an méid atá Cairteacha ag comhlíonadh a gcuspóirí agus ag aithint na mbuntáistí arna gcarnadh mar thoradh ar sin. Tá sraith de 10 príomh-mholadh sa tuarascáil le bheith mar fhaisnéis don chéad chéim forbartha eile de Chairteacha Custaiméirí agus do thodhchaí an tionscnaimh maidir le Seirbhís ar Ardchaighdeán do Chustaiméirí ina iomláine.
Gníomh-Phleananna Custaiméirí
Ba é ceann de riachtanais an Tionscnaimh maidir le Seirbhís ar Ardchaighdeán do Chustaiméirí gur chóir do Ranna agus Oifigí Rialtais Gníomh-Phlean Custaiméirí a ullmhú agus a fhoilsiú. Ba chóir don Ghníomh-Phlean Custaiméirí na modhanna trína chuirfidh an Roinn/Oifig an leibhéal is airde seirbhíse ar fáil ina n-idirbheartaíochtaí leis an bpobal a leagadh amach go mion. Go ginearálta, ba chóir do na meicníochtaí a úsáidtear chun comhchomhairle a dhéanamh le custaiméirí a leagan amach, tuairisc a thabhairt ar na freagrachtaí laistigh den eagraíocht chun tiomantais a sheachadadh agus mionsonraí a thabhairt faoi na táscairí feidhmíochta le húsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht an phlean. Comhlánann siad na próisis Chairte Custaiméirí trí mhionsonraí a thabhairt faoin tslí gur féidir na tiomantais sa Chairt a sheachadadh.