Déardaoin 9 Mí Fómhair 2010

An Nuachtlitir RIALAMHÁIN

Foilsítear an Nuachtlitir RIALAMHÁIN ceithre huaire in aghaidh na bliana.  Tá sé deartha chun Stáitseirbhísigh agus Seirbhísigh Poiblí a choinneáil ar an eolas faoi phríomhfhorbairtí sa chlár 'Athchóiriú na Seirbhísí Poiblí'. Tá béim mhór ó thaobh na heagarthóireachta de ar an bhfeabhas maidir seachadadh seirbhísí don chustaiméirí a chur chun cinn.

Má tá alt, nó smaoineadh le haghaidh alt agat, bheadh an t-eagarthóir fíorshásta cloisteáil uait.
Déan teagmháil leis an Eagarthóir ag:

  • Tagann RIALAMHÁIN in áit an nuachtlitir NASC, agus is féidir seaneagráin de sin a íoslódáil ó chartlann NASC

 

Comhfhreagras:

Tony Kavanagh
Oifig an Chláir
Roinn an Taoisigh
Baile Átha Cliath 2

Teil. (01) 619 4483

Ríomhphost: editor@taoiseach.gov.ie

Nóta: Ní bhíonn aon fhógraíocht in RIALAMHÁIN.

  • An Nuachtlitir Rialamháin - Eagrán Speisialta - Uimhir 4

    Ar an Déardaoin, an 8 Iúil bronnadh Gradaim an Taoisigh maidir le Sármhaitheas Seirbhís Poiblí ar 20 tionscadal fiúntach. Roghnaíodh na buaiteoirí ó 208 iarratas isteach, an méid ab airde riamh. Tagann méadú ar na hiontrálacha gach uair a iarrtar ar iarratais agus is méadú suntasach i gcomórtas leis na 183 iontráil a tháinig sa bhabhta deireanach an líon buaice a tháinig i mbliana.

  • An Nuachtlitir Rialamháin - Eagrán 3 - Samhradh 2010

    Dhaingnigh Coiste Seirbhíse Poiblí ICTU Comhaontú na Seirbhíse Poiblí 2010-2014 le deireanas. Cuireann an Comhaontú ar a nglaoitear Comhaontú Pháirc an Chróchaigh freisin ardán ar fáil chun breis luais a chur faoi athchóiriú na Seirbhísí Poiblí (ASP) agus beidh athrú radacach dá bharr ar an modh a théimid i mbun gnó amach anseo. Beifear ag tuairisciú chur chun feidhme an Chomhaontaithe go tráthrialta i Rialamháin sna míonna amach anseo.

  • An Nuachtlitir Rialamháin - Eagrán 2 - Deireadh Fómhair 2009

    Fáilte go dtí RialAmháin - Eagrán 2

  • An Nuachtlitir Rialamháin - Eagrán 1 - Lúil 2009

    An uile dhuine ag feidhmiú mar aon - Ag tarraingt le chéile chun comhchuspóir a bhaint amach