Déardaoin 9 Mí Fómhair 2010

Gradaim an Taoisigh

Tá Gradaim an Taoisigh maidir le Sármhaitheas Seirbhíse Poiblí leagtha amach d'fhonn tionscadail seirbhíse poiblí, a mbíonn toradh fónta faoi leith orthu maidir leis an tslí inar féidir leis an saoránach leas a bhaint as seirbhís, a chur ar taispeántas agus a cheiliúradh.  Cuirtear an nuáil agus an sárfheabhas chun cinn leis na Gradaim.  Is iondúil cruthaitheacht maidir le húsáid acmhainní agus éifeachtacht nua a thabhairt chun cinn de thréithe leis na tionscadail a n-éiríonn leo.

Eagraítear Gradaim an Taoisigh maidir le Sármhaitheas Seirbhíse Poiblí gach re bliain.  Tá de nós tionscadail áirithe de chuid bhuaiteoirí na nGradam a chur ar taispeántas ag Comhdhálacha Cáilíochta idirnáisiúnta mar mhúnlaí sárchleachtais. 

Bronnfaidh an Taoiseach na Gradaim do 2010 ag comhdháil de shárthaispeántas agus fáiltiú ar leith i gCaisleán Bhaile Átha Cliath Dé Déardaoin, 8 lÚil, 2010. Roghnaigh coiste neamhspleách an 20 tionscadal rathúla, a bhí faoi chathaoirleacht David Harvey, Príomhfheidhmeannach City Channel.


An próiseas roghnúcháin

Coiste neamhspleách ar a bhfuil comhaltaí ón tSeirbhís Phoiblí a dhéanann na hiarratais incháilithe a mheas.

Mórthaispeántas

Roghnóidh an coiste 20 tionscadal maidir leis na gradaim.  Cuirfear gach tionscadal acu sin i láthair ag imeachtaí mórthaispeántais do státseirbhísigh agus do sheirbhísigh poiblí i mBaile Átha Cliath in Earrach, 2010.

Comhfhreagras:

Gradaim an Taoisigh maidir le Sármhaitheas Seirbhíse Poiblí
Oifig an Chláir
Roinn an Taoisigh
Baile Átha Cliath 2

Teil. (01) 619 4462

Ríomhphost: awards2010@taoiseach.gov.ie