Dé Ceadaoin  8 Mí Fómhair 2010

Foilseacháin

Tá roinnt de na foilseacháin seo a leanas ar fáil i bhfoirm PDF.  Ní foláir clár breathnaithe dar teideal Adobe Acrobat chun comhaid PDF a bhreathnú agus a phriontáil.  Tá cóip den chlár sin le híoslódáil in aisce ó Láithreán Gréasáin Adobe sa chás go mbeadh ceann de dhíth.

  • Tuarascáil an Tascfhórsa ar an tSeirbhís Phoiblí

    Ag Cur Athrú ar Seirbhísí Poiblí: An Saoránach sa Lár - Fócas ar an bhFeidhmíocht.

  • Ráiteas ón Rialtas faoi Ag Cur Athrú ar Sheirbhísí Poiblí

    Tá tábhacht mhór náisiúnta leis an tSeirbhís Phoiblí.  Tá tábhacht ó thaobh shaol gach saoránaigh agus folláine gach pobail tríd is tríd lena fheabhas a fheidhmíonn sí agus lena éifeachtaí agus a oibríonn sí.  Aithnítear níos mó agus níos mó ardfheidhmíocht Seirbhíse Poiblí mar chomhábhar fíorthábhachtach ó thaobh iomaíochas idirnáisiúnta chomh maith le ní a bhfuil fíorghá leis le haghaidh a thabhairt ar riachtanais shóisialta chasta pobal nua-aimseartha.

  • Suirbhé maidir leis an tSeirbhís don Chustaiméir ón Státseirbhís (2008)

    Tá an suirbhé i mBearla anseo. Is oth linn le rá nach bhfuil leagan Gaeilge le fáil

  • Athbhreithniú an OECD ar an tSeirbhís Phoiblí in Éireann

    Tá an tuarascáil i mBéarla anseo. Is oth linn a rá nach bhfuil leagan Gaeilge le fáil

  • Treoirlínte maidir le Cairt do Chustaiméirí agus Pleananna Gríomhaíochta do Chustaiméirí a Ullmhú

    Féach ar treorlínte maidir le Cairt do Chustaiméirí agus Pleananna Gríomhaíochta do Chustaiméirí a Ullmhú

  • Meastóireacht Fitzpatrick ar Chairteachta Custaiméirí

    I mí na Samhna 2006, choimisiúnaigh an Rialtas Fitzpatrick Associates, Comhairleoirí Eacnamaíochta, chun athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar phróiseas Chairteacha Custaiméirí i Státseirbhís na hÉireann. Rinne an mheastóireacht athbhreithniú ar gach gné de phróiseas na gCairteacha ó tugadh isteach é agus dhírigh sí ar an méid atá na Cairteacha Custaiméirí ag comhlíonadh a gcuspóirí agus rinne sí iarracht na buntáistí atá ann mar thoradh air sin a aithint. Tá sraith de 10 príomh-mholadh sa mheastóireacht atá beartaithe a bheith mar fhaisnéis don chéad chéim eile d’fhorbairt Cairteacha Custaiméirí agus todhchaí an Tionscnaimh Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí tríd is tríd.

  • Ag Seachadadh Rialtas Níos Fearr

    Is mó aithne ar an dara Tuarascáil de chuid an Ghrúpa Chomhordaithe Rúnaithe chuig an Rialtas faoin teideal ‘Rialtas Níos Fearr a Chur ar Fáil’ (DBG). Is éard atá in DBG, a foilsíodh i mí Bealtaine 1996, an doiciméad polasaithe a leag amach go sonrach an creat a bhí riachtanach chun tacú le cur i bhfeidhm an Tionscnaimh Bhainistíochta Straitéisí, an clár athraithe don Státseirbhís.

  • Bunfráma Eolais Bainistíochta (BEB)

    Cheadaigh an Rialtas moltaí don BEB i mí Iúil 1999. Tá sé i gceist go mbeidh córas thuairisciú rialta bainistíochta ag gach Roinn chun cur in iúl do chinnteoireacht maidir le leithdháileadh agus úsáid acmhainní. Ba chóir do thuarascáil bhainistíochta faisnéis feidhmíochta a chuimsiú de réir mar is gá idir fhaisnéis airgeadais agus faisnéis nach faisnéis airgeadais é, in éineacht le faisnéis bhainistíochta eile ó chórais oifigí eile. Tá sé mar aidhm ag tionscnamh an BEG torthaí níos fearr a chinntiú don phobal in úsáid acmhainní an stáit trí:

  • Management Information Framework Training Group - April 2004

    Is oth linn a rá nach bhfuil leagan Gaeilge le fáil

Records 1 to 10 of 29
Pages: | 1 | 2 | 3 |

Foilseacháin

Foilseacháin faoi theideal (aibítreach)