Déardaoin 9 Mí Fómhair 2010

Cé muid féin

An Oifig Cláir

Bunaíodh an Oifig Cláir d'fhonn bonn á chur faoin obair chun an clár 'Athchóiriú na Seirbhísí Poiblí' a chur i bhfeidhm. Tá an Oifig lonnaithe i Roinn an Taoisigh.  Tugann an Oifig Cláir cúnamh taca don Rialtas maidir leis an gcur i bhfeidhm a thiomáint chun cinn, comhordú a dhéanamh air agus monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis an gclár 'Athchóiriú na Seirbhísí Poiblí' (ASP) a chur i bhfeidhm.  Tugann an Oifig Cláir cúnamh taca freisin d'eagraíochtaí ar fud na Státseirbhíse agus ar fud na Seirbhíse Poiblí ar fad maidir leis an mbeartaíocht athchóiriúcháin.

Chomh maith leis sin, tá oifigigh ar iasacht ó Ranna Rialtais agus Oifigí eile d'fhonn oibriú ar an gClár Athbhreithnithe Eagraíochtúil (CAE), a cuireadh ar bun d'fhonn athbhreithniú a dhéanamh maidir leis an acmhainn atá i ngach ceann de na Ranna Rialtais agus de na hOifigí móra a gcuid cuspóirí a thabhairt i gcrích anois agus san am atá ag teacht.

Tá baill foirne i Ranna eile a chuireann le hobair ghinearálta na hOifige Cláir, go háirithe sa Roinn Airgeadais, agus sna Lárionaid Earnála.

Lárionaid Earnála

Cuireadh Lárionaid Earnála ar bun taobh istigh de réimsí níos forleithne den tSeirbhís Phoiblí - in Earnáil an Rialtais Áitiúil, Earnáil na Sláinte, Earnáil an Oideachais , Earnáil an Stát Seirbhís agus san Earnáil Dlí an Chirt.  Is é cuspóir atá leo treisiú leis an gclár oibre athrúcháin ag leibhéal na hearnála.  Bíonn na Lárionaid gníomhach i mbun cinntiú go gcraobhscaoiltear príomhtheachtaireachtaí ASP ar fud na n-earnálacha ar fad, agus beidh baint mhór acu freisin le beartaíocht phíolótach ar thionscnaimh in éineacht leis an Oifig Cláir Lárnach.

Comhfhreagras: