Dé Ceadaoin  8 Mí Fómhair 2010
cé muid féin? a mbeidh i gceist le RIALAMHÁIN duitse Ráitis Straitéise 2011-2013

An Nuachtlitir Rialamháin - Eagrán 3 - Samhradh 2010

Dhaingnigh Coiste Seirbhíse Poiblí ICTU Comhaontú na Seirbhíse Poiblí 2010-2014 le deireanas. Cuireann an Comhaontú ar a nglaoitear Comhaontú Pháirc an Chróchaigh freisin ardán ar fáil chun breis luais a chur faoi athchóiriú na Seirbhísí Poiblí (ASP) agus beidh athrú radacach dá bharr ar an modh a théimid i mbun gnó amach anseo. Beifear ag tuairisciú chur chun feidhme an Chomhaontaithe go tráthrialta i Rialamháin sna míonna amach anseo.

I gceann roinnt seachtainí beifear ag bronnadh Ghradaim an Taoisigh maidir le Sármhaitheas Seirbhíse Poiblí agus is eagrán speisialta ag ceiliúradh na héachtaí móra atá á mbaint amach ar fud na Seirbhísí Poiblí a bheidh sa chéad eagrán eile de Rialamháin. Ó 2004 i leith nuair a bronnadh na Gradaim den chéad uair tá méadú mór tagtha ar líon na n-iarratas. Agus rud níos tábhachtaí fós tá an chosúlacht air go bhfuil caighdeán na n-iarratas ag dul ó fheabhas go feabhas. Is deis thábhachtach ócáid bhronnta na nGradam chun aitheantas a thabhairt do thiomantas agus do dhúthracht na ndaoine a bhíonn ag obair ar fud na Seirbhísí Poiblí. Beidh na cáilíochtaí seo ina thacaí bunriachtanacha don tSeirbhís Phoiblí agus don saoránach sna míonna agus sna blianta amach romhainn.

Is é Dara Calleary T.D., a ceapadh le deireanas mar Aire Stáit leis an gcúram na Seirbhísí Poiblí a athchóiriú a chuirfidh tús leis an eagrán seo (leathanach 3) tríd an radharc amach ar an gcéad chéim eile d'athchóiriúchán na Seirbhísí Poiblí a láithriú. In alt ar leathanach 4 atá gaolta leis sin tugtar aghaidh ar Chomhaontú Pháirc an Chróchaigh.

Cuirtear an-bhéim ar sheirbhís den scoth agus ar luach ar airgead sa chlár saoránach-lárnaithe ASP. In dhá sheimineár a reáchtáladh le gairid tugadh aghaidh ar ghnéithe éagsúla den ghealltanas seo (leathanach 5); moladh i gceann amháin acu go ndéanfaí scrúdú agus athchóiriú cúramach ar phróisis ghnó le feabhas sa riarachán agus i soláthar seirbhíse a chinntiú; bhí an dara cheann dírithe ar sholáthar éifeachtach agus éifeachtúil earraí agus seirbhísí.

Tuairiscítear mar is gnáth i Rialamháin éachtaí agus gníomhaíochtaí comhghleacaithe ar fud earnálacha uile na Seirbhíse Poiblí. San eagrán seo tá nuacht ar an obair atáthar a dhéanamh chun an Earnáil Sláinte a fheabhsú; ar straitéis na hEarnála Dlí chun dul i ngleic le foréigean teaghlaigh, gnéasach agus inscnebhunaithe; ar mhodh atá áisiúil don chustaiméir chun muirir ar an dara maoin chónaithe a bhailiú; agus ar an dul chun cinn san Earnáil Oideachais.

Breathnóimid freisin ar roinnt de na comhthionscnaimh a bhfuil Ranna agus gníomhaireachtaí i dTuaisceart na hÉireann páirteach iontu.

Beidh deis ann mar is gnáth iPod Touch nó ceann amháin de dhá iPod Nano a bhuaigh sacheistiúchán éasca péasca - tá freagraí ar na ceisteanna uile scaipthe ar fud na nuachtlitreach. Is comhghabhálais iontacha iad le tabhairt leat ar saoire nó le linn am saor!

Mar a luadh cheana beidh an chéad eagrán eile de Rialamháin dílsithe do cheiliúradh an fiche tionscadal a bhfuil Gradaim an Taoisigh maidir le Sármhaitheas Seirbhíse Poiblí bainte amach acu i mbliana. San idirlinn coinnígí go maith.

An bhfuil aon tuairim agat? Cuir ríomhphost chugainn ag editor@taoiseach.gov.ie

Comhaid Ceangailte

Chun comhaid PDF a fheiceáil agus a phriontáil, is gá clár radhairc d'arbh aimn Acrobat Reader Version. Tá cóip saoir den chlár seo ar fáil ar láithreán gréasáin Adobe