Dé hAoine 30 Mí Iúil 2010
cé muid féin? a mbeidh i gceist le RIALAMHÁIN duitse Ráitis Straitéise 2011-2013

Fáilte go dtí RIALAMHÁIN

Tá leas bunúsach náisiúnta ag baint leis an tSeirbhís Phoiblí.  Tá barrthábhacht maidir le saol gach saoránach agus maitheas an phobail ar fad le toradh na hoibre agus lena éifeachtaí a bhítear ina bun sa tSeirbhís Phoiblí.

Leagadh amach an láithreán gréasáin seo d'fhonn eolas a chur ar fáil faoin gclár 'Athchóiriú na  Seirbhísí Poiblí' de chuid an  Rialtais.  

Is féidir, tríd an láithreán gréasáin seo, teacht ar na foilseacháin  a chuimsítear sa chlár ‘Athchóiriú ar na Seirbhísí Poiblí, agus an nuacht agus na scéalta is deireanaí faoin athchóiriúchán sa tSeirbhís Phoiblí a cheadú.  Tá súil againne san Oifig Cláir go mbíonn tairbhe agat as an láithreán gréasáin seo.  Sa chás go mbeadh moladh agat maidir le feabhas ar an láithreán gréasáin seo, ba bhreá linn scéal a fháil uait. Comhfhreagras

AN SCÉAL IS DEIREANAÍ.......

  • Iarratas ar Aighneachtaí do Ráitis Straitéise 2011-2013 Nua don Ranna / Oifigí Rialtais

    Chun cabhrú le Ranna/Oifigí a bhfís straitéiseach a shainmhíniú do na chéad trí bliana eile, tugtar cuireadh anois do pháirtithe leasmhara (e.g. custaiméirí, grúpaí úsáideoirí, gairmiúil, trádáil agus eagraíochtaí eile, gnólachtaí príobháideacha, úsáideoirí seirbhíse, agus daoine aonair) a gcuid tuairimí a chur isteach maidir le cruth agus ábhar na Ráiteas Straitéise nua seo.

  • Treoirlínte nua d’ullmhúchán na Ráiteas Straitéise

    Is iad seo na Treoirlínte athbhreithnithe d’Ullmhúchán na Ráiteas Straitéise. Leagann na Treoirlínte seo amach in imlíne leathan na ceanglais a fhorchuirtear ar Airí agus ar Ard-Rúnaithe a eascraíonn ón Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997, agus ullmhaíodh iad chun próiseas ullmhúcháin na Ráiteas Straitéise, ach go háirithe, a chur ar an eolas don tréimhse trí bliana ó 2011 go dtí 2013.

  • Óráid ón Taoiseach, Brian Ó Comhain, T.D., ag "Gradaim an Taoisigh" i gCaisleán Bhaile Átha Cliath

    I am delighted to be here this afternoon to present the fourth biennial Public Service Excellence Awards. These Awards were established by my predecessor in 2004, as a means of showcasing excellence in the Public Service.  In particular, the Awards recognise best practice in projects and initiatives that have enhanced the quality, efficiency and effectiveness of administration and delivery of public services.  I am delighted to be able to continue the Awards this year.

  • An Nuachtlitir Rialamháin - Eagrán 3 - Samhradh 2010

    Dhaingnigh Coiste Seirbhíse Poiblí ICTU Comhaontú na Seirbhíse Poiblí 2010-2014 le deireanas. Cuireann an Comhaontú ar a nglaoitear Comhaontú Pháirc an Chróchaigh freisin ardán ar fáil chun breis luais a chur faoi athchóiriú na Seirbhísí Poiblí (ASP) agus beidh athrú radacach dá bharr ar an modh a théimid i mbun gnó amach anseo. Beifear ag tuairisciú chur chun feidhme an Chomhaontaithe go tráthrialta i Rialamháin sna míonna amach anseo.